Gradaim Speisialta 2025
FOIRMEACHA IONTRÁLA DÁMHACHÁIN SPEISIALTA 2025
Eagraítear na Gradaim Speisialta urraithe ag an am céanna leis an bpríomhchomórtas agus féachtar le haitheantas a thabhairt do thionscnaimh atá dírithe ar an bpobal a fheabhsú. Is féidir le gach Grúpa Bailte Slachtmhara iarratas a dhéanamh chomh maith le daoine aonair nó grúpaí. Tá ríméad orainn roinnt urraitheoirí nua a fhógairt faoin gcatagóir Gradaim Speisialta 2025.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat teacht ar fhoirmeacha iarratais d’aon cheann de na gradaim speisialta, déan teagmháil le hAonad cúnaimh na mBailte Slachtmhara, trí ríomhphost a sheoladh chuig tidytowns@drcd.gov.ie nó ar 01 773 6988 nó 01 773 6912.
Is ar bhonn deonach amháin a dhéantar iarratas ar na Gradaim Speisialta agus ní bheidh aon tionchar aige ar an bpríomhchomórtas mura gcuirtear isteach orthu.
Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe ar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist ceart, agus bíodh teideal an Ghradaim Speisialta marcáilte go soiléir air.
NUA do 2025
Uimh. 1
GLAS-BHEALAÍ & GRADAIM TAISTEAL GNÍOMHACH
DUAISCHISTE €5,000
Urraithe ag an Roinn Iompair
Is ábhar ríméid don Roinn Iompair urraíocht a dhéanamh ar dhá dhuais nua i gcatagóirí speisialta, ceann amháin do Ghlasbhealaí agus an dara ceann do Thionscadail maidir le Turasóireacht Ghníomhach. Tá buntábhacht le háiseanna siúlóide agus rothaíochta a chur ar fáil sna cathracha, sna bailte móra agus sna sráidbhailte maidir le conairí iompair atá sábháilte áisiúil a chur ar fáil ionas go mbíonn ceangal don lucht coisíochta agus rothaíochta idir na hionaid uirbeacha. Is sócmhainní poiblí na gnéithe bonneagair seo a chuirtear ar fáil ionas gur féidir le daoine iad a úsáid chun tabhairt faoi thurais a bhfuil cuspóirí éagsúla leo – caitheamh aimsire, taisteal chuig an obair agus abhaile, taisteal chun na scoile agus déanamh teachtaireachtaí.
Tugann bealaí den sórt seo deis don phobal scéimhe na háite a léiriú tríd an obair maoirseachta a dhéanann siad. Féachtar leis an gcatagóir speisialta seo le dícheall Ghrúpaí Chomórtas na mBailte Slachtmhara a admháil i mbun gnéithe den bhonneagar foirgníochta a chóiriú leis an sárchleachtas éiceolaíochta chomh maith le cur le sócmhainní phobal na háite.
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Greenways-and-Active-Trave-Entry-Form-2025 (Word)
Greenways-and-Active-Travel-Entry-Form-2025 (PDF)
Uimh. 2
GRADAIM NA SPRIOCANNA FORBARTHA INBHUANAITHE
DUAISCHISTE €6,000
Arna n-urrú ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Is é aidhm fhoriomlán Ghradaim na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, a n-urraíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad, aitheantas a thabhairt don ról a imríonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa ghnáthshaol laethúil. Is é aidhm na ngradam feasacht a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus aitheantas a thabhairt do na tairbhí a ghabhann leo ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda mar threoir maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha. Tá sé mar aidhm leo saol cuibhiúil a bhaint amach do chách ar phláinéad sláintiúil faoin mbliain 2030. Tá ríthábhacht ag baint le gníomhartha pobail dearfacha cumasaithe maidir leis an méid sin a bhaint amach.
Bronnfar ceithre dhuais:
- €2,000 don iontráil is fearr ó shráidbhaile nó ó bhaile beag (Catagóir A go D)
- €2,000 don iontráil is fearr ó bhaile mór nó ó lárionad uirbeach (Catagóir E go H)
- Duais is fiú €1,000 don dara hiontráil fhoriomlán is fearr
- Gradam Óige speisialta is fiú €1,000.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag www.gov.ie/sdgs nó trí ríomhphost a sheoladh chuig SDGS@decc.gov.ie
Dáta deiridh 9th Meitheamh
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Sustainable-Development-Goals-Entry-Form-2025-Irish (Word)
Uimh. 3
An Gradam Gníomhaithe ar son na hAeráide
Duaischiste: €6,000
Urraithe ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Is é aidhm fhoriomlán an ghradaim seo an tionchar atá in ann a bheith ag pobail áitiúla a aithint agus iad ag tabhairt faoi athrú aeráide. Tá sé mar aidhm ag an ngradam seo ceiliúradh a dhéanamh ar phobail atá i ndiaidh gníomhú ar son na haeráide, ar fheasacht a mhúscailt taobh istigh dá bpobail féin agus ar an gcomhoibriú chun teacht ar réitigh do ghníomhú ar son na haeráide le chéile.
Le haghaidh tuilleadh sonraí féach Climateawards@decc.gov.ie
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Climate-Action-Entry-Form-2025 (Word)
Uimh. 4
GRADAM THIONSCADAL NA gCRANN
DUAISCHISTE €1,000
Urraithe ag Comhairle Crann na Éireann
Tionscnamh is ea Gradam Thionscadal na gCrann lena gcuirtear luach ar an tionchar dearfach a bhíonn ag crainn ar an gcomhthimpeallacht fhoriomlán i mbaile nó sráidbhaile. Ní hamháin go leagtar béim ar chrainn a chur i dtosach báire, ach leagtar béim freisin ar chrainn a chothabháil agus a bhunú ar feadh a saolré. Leis an ngradam seo, tugtar aitheantas do Choiste na mBailte Slachtmhara, ar trína gcuid oibre crua a cothaíodh atmaisféar uirbeach coillearnaí laistigh dá bpobal féin. Ina theannta sin, d’fhéadfaí an tionscadal a dhíriú ar sheanchrainn agus crainn sheanbhunaithe a chaomhnú, trí aitheantas a thabhairt don tábhacht nádúrtha, staire, chultúir, luibheolaíochta nó tírdhreacha a bhaineann leo. Déanfar méid agus raon an tionscadail faoina dtugtar, mar aon leis na buntáistí inbhraite a bhaineann leis an tionscadal don phobal, a mheas go cúramach. Chun iarratais a dhéanamh ar an ngradam, bain úsáid as an bhfoirm iarratais maidir le Duais Thionscnamh na gCrann agus cuir ar a laghad ceithre íomhá leis an bhfoirm ina léirítear an bhail a bhí ar an áit sular cuireadh an tionscadal i gcrích agus an bhail atá ar an áit ina dhiaidh. Feidhmeoidh na híomhánna mar fhianaise amhairc maidir leis an tionchar agus claochlú a bhí i gceist leis an tionscadal.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig: www.treecouncil.ie/supervalu-tree-project-award
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Tree-Project-Award-Entry-Form-2025-Irish (PDF)
Tree-Project-Award-Entry-Form-2025-Irish (Word)
Uimh. 5
GRADAM TASCFÓRSA BRUSCAR GUMA
DUAISCHISTE €5,000
Urraithe ag an Tascfórsa Bruscar Guma (TBG) uathachais.
Is í aidhm an Tascfórsa Bruscar Guma (TBG) ná feasacht ar bhruscar guma coganta a ardú trí tionchar a bheith aige ar athrú iompar dearfach timpeall diúscairt bruscar guma agus forfheidhmiú níos láidre den fhíneáil €150. Ba mhaith leis an TBG cúiteamh a thabhairt do phobail atá ag cur tograí feasacht timpeallachta i bhfeidhm chun fáil réidh le bruscar guma coganta.
Féach ar https://www.gumlittertaskforce.ie/ chun tuilleadh eolais a fhá
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Gum-Litter-Taskforce-Entry-Form-2025 (Word)
Uimh. 6
GRADAM DO DHAOINE ÓGA I mBailte SLACHTMHARA
DUAISCHISTE €5,000
Arna urrú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Is ar an aoisghrúpa idir 16 agus 24 atá Gradam na nDaoine Óga dírithe, na daoine óga atá rannpháirteach i dtionscnaimh agus tionscadail ina ngrúpaí Bailte Slachtmhara i rith na bliana. Níl scoileanna ábalta cur isteach air. Ba chóir iontrálacha a sheoladh ar aghaidh ag baint úsáid as an bhfoirm iontrála Gradam na nDaoine Óga.
Is féidir grianghraif a úsáid chun tacú le bhur n-iarratas. Ba cheart d’iarratasóirí ar Ghradam na nDaoine Óga mar a chinntíonn grúpaí Bailte Slachtmhara go mbíonn baint ghníomhach ag daoine óga san aoisghrúpa 16 go 24 chun cur ar bhonn leanúnach le gníomhaíochtaí Bailte Slachtmhara áitiúla a léiriú, lena n-áirítear ballraíocht, nó rannpháirtíocht dhíreach sna Grúpaí.
Tá tuilleadh eolas le fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig www.BailteSlachtmhara.ie
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Young-Persons-Award-Entry-Form -2025-Irish
Uimh. 7
GRADAM LÁR BAILTE AR DTÚS
DUAISCHISTE €5,000
Arna urrú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Is polasaí tras-rialtais é an Polasaí Lár Bailte ar dTús (LBT) a seoladh i mí Feabhra 2021, agus a bhfuil sé mar aidhm leis láir bhailte a chruthú a fheidhmíonn mar láithreacha inmharthana, bríomhara agus tarraingteacha do dhaoine le maireachtáil iontu, oibriú iontu agus cuairt a thabhairt orthu, le linn dóibh feidhmiú mar mhol seirbhísí, sóisialta, cultúrtha agus áineasa do phobal na háite ag an am céanna freisin. Aithníonn LBT go bhfuil tréithe ar leith ag baint le gach aon bhaile maidir leis na dúshláin, riachtanais agus deiseanna a bhaineann leis, agus is le LBT a leagtar an dúshraith do gach aon bhaile lena bhealach pleanáilte féin chun cinn a fhorbairt ag leibhéal na háite. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar gov.ie – Lár Bailte ar dTús
Leis an nGradam LBT, atá urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, aithnítear na hiarrachtaí eiseamláireacha a dhéantar i mbailte chun athnuachan agus athbheochan lár an bhaile a chur chun cinn i gcomhréir leis an bpolasaí agus tugtar aitheantas don ról lárnach atá ag grúpaí na mBailte Slachtmhara i ndáil le forbairt inbhuanaithe a bpobal agus láir bhailte a fheabhsú.
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Town-Centre-First-Entry-Form-2025-Irish (Word)
Uimh. 8
GRADAM POBAIL CUIMSITHEACH
Duaischiste €2,000
Urraithe le SuperValu
Creidimidne anseo i SuperValu nach bhfágtar aon duine ar lár sna pobail is fearr. Cuireann daoine de gach aois, eitneacht agus cumas leis an bpobal agus is mar thoradh air sin a ndéantar áiteanna níos dár bpobail le bheith ag maireachtáil, ag obair agus ag súgradh iontu.
Tá sé mar aidhm leis an ngradam seo aitheantas a thabhairt do choistí Bailte Slachtmhara atá ag déanamh athruithe dearfacha chun ionchuimsitheacht a chur chun cinn agus a éascú do chách trí ghlacadh go fonnmhar le gach duine den phobal agus iad a áireamh ann.
Bronnfar duais €2,000 ar an gcoiste Bailte Slachtmhara is fearr a léireoidh mar a chuir siad cuimsiú gach ball den phobal chun cinn trí thionscadail agus tionscnaimh chuimsitheacha.
Le haghaidh tuilleadh sonraí féach ar nó www.supervalu.ie
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Foirm Iontrála ar fáil go luath
Uimh. 9
GRADAM NÁ FÁG AON NÍ I DO DHIAIDH NA MBAILTE SLACHTMHARA
DUAISCHISTE €1,000 – in éineacht le traenálaí de chuid Ná Fág Lorg are feadh lá amháin chun cúrsa nó ceardlann Feasachta, rochtain ar Achmainní Ná Fág Lorg ar line, agus cur chun cinn ar na meáin shóisialta.
Urraithe ag Leave No Trace Ireland Gradam Ná Fág Rian
Anois sa séú bliain dá bheith á reáchtáil, is le Gradam Speisialta Ná Fág Lorg na mBailte Slachtmhara a thugtar aitheantas do phobail as ucht a gcuid iarrachtaí suntasacha i ndáil leis an timpeallacht nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú agus freagracht amuigh faoin aer a chur chun cinn. Trí aitheantas a thabhairt do na pobail seo, tá Ná Fág Lorg Éireann ag féachaint le pobail eile a spreagadh bearta éachtacha a dhéanamh chun áineas amuigh faoin aer a chosaint agus a chur chun cinn. Déan iarratas inniu agus inis dúinn faoin méid atá bainte amach ag do ghrúpa.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach www.leavenotraceireland.org
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Leave-No-Trace-Ireland-Entry-Form-2025 (Word)
Uimh. 10
AN GRADAM UISCÍ AGUS POBAIL
DUAISCHISTE €7,000
Urraithe ag Iascach Intíre Éireann, Uiscebhealaí Éireann agus ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil
Tá an Gradam Speisialta d’Uiscí agus do Phobail oscailte d’aon ghrúpa pobail a thaispeáin buíochas dá thimpeallacht uisce agus oidhreacht uisce i rith 2024, trí samplaí a thaispeáint de tograí a rinneadh anuraidh, (samplaí san áireamh: tacaíocht bithéagsúlachta agus oidhreacht uisce; eolaíocht saoránaigh; cuir chun cinn iascaireachta; eolas faoi imeachtaí agus togar a ardú; cuir chun cinn Réitigh Dúlra-Bhunaithe; glanadh suas de uiscí áistiúla; soláthar agus uasghrádú d’achmhainn, srl.)
Tá an Gradam speisialta seo urraithe ag Iascaigh Intíre Éireann (IIÉ) www.fisheriesireland.ie (freagrach do bhainistíocht na hiascaigh intíre agus san earnáil slatiascaireareacht mara); Uiscebhealaí Éireann www.waterwaysireland.org (freagrach do bhainistíocht uiscebhealaí intíre inseolta) agus Clár Uiscí na hÚdarás Áitiúil (CLUÁ) www.lawaters.ie (ag obair le pobail chun a bheith páirteach ag tabhairt aire d’uiscí áitiúla).
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Tairseach iontrála ar fail go luath
Uimh. 11
AN PLEAN PAILNEORA UILE ÉIREANN – GRADAM PAILNEORA AN ÚDARÁIS ÁITIÚIL
DUAISCHISTE €10,000
Urraithe ag Oifigí Oidhreachta agus Oifigí Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Sonraí Bithéagsúlachta.
Féachann Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil le grúpaí Bailte Slachtmhara a spreagadh chun gníomhartha atá báúil do phailniú a chur i bhfeidhm ar fud bailte agus sráidbhailte mar chuid den chomórtas Bailte Slachtmhara. Tá beacha fiáine na hÉireann, ríthábhachtach do phailniú ár bplandaí, ár gcrann agus ár nglasraí ach tá na beacha ag dul i léig – an chúis atá leis sin ná go bhfuil laghdú tubaisteach déanta ar na limistéir ar féidir le beacha a nead a dhéanamh agus ar an mbia a chuirtear ar fáil dóibh faoin tír. Is é aidhm an ghradaim ná athrú a chur air sin trí ghrúpaí Bailte Slachtmhara a spreagadh bearta simplí atá báúil do phailneoirí a ghlacadh ina gceantair áitiúla féin. Tacaíonn Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil leis an bPlean Pailneora Uile Éireann ag a bhfuil urraíocht ó Oifigí Oidhreachta & Oifigí Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar www.pollinators.ie
Dáta deiridh 9th Meitheamh
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Local-Authority-Pollinator-Award-Entry-Form-2025-Irish (Word)
Uimh. 12
GRADAM EACNAMAÍOCHTA CIORLÁN EPA
DUAISCHISTE €3,500
Urraithe le The Environmental Protection Agency
Tá sé mar aidhm ag an ngradam seo aitheantas a thabhairt do phobail a thug faoi ghníomhaíochtaí anuraidh a thacaigh le luachanna an Gheilleagair Chiorclaigh agus a chur chun cinn iad. I ngeilleagar ciorclach, tá meas againn ar acmhainní agus ar tháirgí agus féachaimid gan iad a chur amú agus iad a choinneáil in úsáid níos faide. Is gníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh iad athúsáid, deisiú, roinnt táirgí agus cosc ar dhramhaíl (m.sh cosc ar chur amú bia, plaisteach nó cosc ar chur amú pacáistiú eile) agus d’fhéadfadh sé gur thacaigh do phobal leis na gníomhaíochtaí seo. Cuirfear fáilte roimh thionscnaimh feasachta a chuirfidh daoine ar an eolas faoin ngeilleagar ciorclach nó a thacaíonn le gnólachtaí ciorclacha taobh istigh de do phobal. D’fhéadfadh obair a dhéantar faoin bpríomhchatagóir ‘Inmharthanacht – Mórán ar an mbeagán’ a bheith ábhartha don ghradam speisialta seo. Tríd na pobail seo a aithint, tá súil ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil feasacht ar shamplaí praiticiúla de ghníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh atá i bhfeidhm inár bpobail, a spreagadh agus a mhéadú.
Bronnfar duais €1,000 ar an mbuaiteoir náisiúnta foriomlán, duais €800 a bhronnfar ar an dara háit, duais €700 ar an tríú háit agus dhá dhuais thánaisteacha €500.
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
EPA-Circular-Economy-Award-Entry-Form-2025-Irish (Word)
Uimh. 13
DUAIS CHOMÓRTAS NA mBAILE SLACHTMHARA DO SCHOILEANNA
DUAISCHISTE DE €5,000
ARNA URRÚ AG SUPERVALU
Tá duais nua do bhunscoileanna á tionscnamh ag SuperValu ar a dtugtar Duais Chomórtas na mBaile Slachtmhara do Scoileanna.
Is mian linn go mbeadh tuiscint agus cleachtadh ag leanaí na hÉireann ar a gcuid bia féin a fhás agus go dtuigfí an tábhacht atá le bithéagsúlacht na háite a chaomhnú ionas go bhféadann siad féin éirí aníos i saol níos folláine. Tá SuperValu dá bhrí sin ag éileamh ar na Bunscoileanna go léir an dea-obair atá á dhéanamh acu chun feabhas a chur ar thimpeallacht na scoile agus an tseomra ranga a léiriú.
Roghnófar grúpa as gach ceann den cheithre réigiún don bhabhta ceannais agus bronnfar €1,000 ar gach grúpa díobh sin. Bronnfar €1,000 eile sa bhreis ar an méid sin ar bhuaiteoir an chomórtais náisiúnta.
Le haghaidh tuilleadh sonraí féach ar www.supervalu.ie
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Foirm Iontrála ar fáil go luath
Uimh. 14
Gradam Chaomhnú Ialtóg Éireann
Duaischiste €1,500
Urraithe ag Caomhnú Ialtóg Éireann
Tá Caomhnú Ialtóg Éireann ag déanamh urraíochta ar dhá ghradam – leis an gcéad ghradam táthar ag déanamh urraíochta ar ghradam maidir le ceantar i do bhaile agus sráidbhaile a bhfuil tú i mbun deartha agus forbartha féachaint le gníomhaíocht ialtóg a spreagadh. Áirítear leis sin, ach níl sé teoranta dóibh, plandáil d’ialtóga, lochán nó lochán maisithe a chur ar fáil, plandáil agus/nó caomhnú crann fásta agus fálta sceach, agus ceantair atá forbartha cheana chun gníomhaíocht ialtóg a spreagadh, a fheabhsú. D’fhéadfadh sé go mbeadh boscaí ialtóige le cur suas in áiteanna feiliúnacha chun fara ialtóg a spreagadh, agus ba chóir gné phlandaithe a áireamh chomh maith. Ní mór éiteas gan feithidicídí/lotnaidicídí a bheith ina ghné thábhachtach de do dhearadh agus d’iarratas, in éineacht le plandaí dúchasacha ó do cheantar. Má theastaíonn cúnamh nó má tá moltaí agat féach ar www.gardeningforbats.com.
Don chomórtas seo ba mhaith linn léargas a fháil ar an gcaoi a spreagann ialtóga cruthú spásanna áille, cruthaitheacha agus daite chun gnéithe físiúla na háite chomh maith le gnéithe praiticiúla a fheabhsú.
‘Is Buntáiste mór iad na hIaltóga dár bPobal!’ téama an dearaidh. €1,500 i dtreo an tionscadail an duais i ndáil leis an ngradam seo.
Chun tuilleadh eolais fháil, féach: www.batconservationireland.org and www.gardeningforbats.com
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo
Bat-Conservation-Ireland-Entry-Form-Gardening-for-Bats-2025 (Word)
Uimh. 15
Gradam Chaomhnú Ialtóg Éireann
Duaischiste €1,500
Urraithe ag Caomhnú Ialtóg Éireann
Faoin dara gradam beifear ag déanamh urraíochta ar ghradam chun múrphictiúr ealaíne pobail nó saothar ealaíne sráide a chruthú a tharraingíonn aird ar chomh tábhachtach is atá sé an bhithéagsúlacht a chur chun cinn chomh maith le spásanna gairdín agus taobh amuigh a chruthú chun gníomhaíocht ialtóg a spreagadh. Don chomórtas seo ba mhaith linn léargas a fháil ar an gcaoi a spreagann ialtóga saothair áille ealaíne a chuthú. ‘Is Buntáiste mór iad na hIaltóga dár bPobal’ téama an mhaisiúcháin! Baineann an gradam le coimisiún ealaíne €1,500 i dtreo an tionscadail.
Chun tuilleadh eolais fháil, féach: www.batconservationireland.org
Dáta deiridh 9th Meitheamh 2025
Féach an Fhoirm Iontrála anseo