Breitheamh

Déanann painéal de mholtóirí neamhspleácha atá ceaptha ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail measúnú ar na bailte atá rannpháirteach agus bíonn sé seo ar siúl i mí Meithimh, i mí Iúil agus mí Lúnasa gach bliain.  Déantar an measúnú seo faoi rún agus ar dhátaí neamhshonraithe.

Déantar gach iontrálaí a mheas faoi deich gcritéar agus tá 400 marc ar fáil mar a leanas-

Catagóirí an Chomórtais Struchtúr na Marcanna
An Pobal – Pleanáil & Rannpháirtíocht 80
Sráid-Dreach & Áiteanna Poiblí 80
Spásanna Glasa & Tírdhreachú 80
An Dúlra & an Bhithéagsúlacht i do Cheantar. 55
Inbhuanaitheacht – Mórán ar an mBeagán 55
Slacht & Rialú Bruscair 90
Sráideanna Cónaithe & Ceantair Tithíochta 55
Bóithre Isteach, Sráideanna & Lánaí 55
IOMLÁN 550

Baineann na critéir seo le timpeallacht fhisiciúil an cheantair le haird á tabhairt ar ábhair a sheol an t-iontrálaí isteach, go bhféadfaí i measc nithe eile, mapa, pleananna, grianghraif, agus DVDnna a áireamh ina measc.

Is féidir leis na rannpháirtithe fo-cheantair sainspéise a shonrú do na moltóirí le breathnú orthu, ach clúdaíonn an mholtóireacht iomlán an ceantar ar fad agus na bóithre isteach chuig an gceantar. Sainmhínítear é seo go hiondúil mar an ceantar atá laistigh de na comharthaí fáilte chuig ceantar, agus sa chás nach mbíonn a leithéid ann, laistigh de na comharthaí teorainn íseal-luais ábhartha. I gceantair atá níos iargúlta nó níos uirbigh, agus nach bhfuil na teorainneacha soiléir, síneann an ceantar moltóireachta is lú feadh ciliméadair amháin i ngach treo ó lár an cheantair de réir mar a cheadaíonn tíreolaíocht áitiúil agus na ceantair atá in aice láimhe sin.

Mar thoradh ar an measúnú seo aithnítear líon iontrálaithe mar iarrathóirí a d’fhéadfadh an teideal foriomlán a bhuachan agus tá siad faoi réir nach lú na measúnú amháin eile a bheidh níos mionsonraithe.  Déanann an painéal iomlán moltóirí cinntí i ndáil leis na buaiteoirí.

A luaithe a fhógraítear na buaiteoirí i Meán Fómhair, postáiltear tuarascálacha na measúnaithe ar fad chuig gach iontrálaí agus tá fáil orthu ar líne ag an láithreán gréasáin seo.  Leis na tuarascálacha measúnaithe ar fad ó 1996 a fheiceáil cliceáil anseo.